Tá stop curtha leis an Scéim Deontas Caomhantais de bharr staid airgeadais an Rialtais. Tá Ciste do Struchtúir i mBaol curtha ar fáil do 2013, mar atá sonraithe thíos.
www.ahg.gov.ie/en/Heritage/BuiltHeritageandArchitecturalPolicy/ConservationGrants
Ciste do Struchtúir i mBaol 2013
Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim nua ar fáil i 2011, dar teideal Ciste do Struchtúir i mBaol toisc an cosc a chuireadh ar na Scéimeanna Deontas Caomhantais do Struchtúir Shibhialta agus scéim na nÚdarás Áitiúil.
Tá an Ciste do Struchtúir i mBaol ann chun cabhrú le hoibreacha chun struchtúir atá faoi chosaint na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt a shlánú, agus, i gcásanna áirithe, le hoibreacha ar struchtúir i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta a shlánú más rud é, i dtuairim na Roinne, go bhfuil riachtanas práinneach d’oibreacha ar struchtúir dá short agus gur taispeánadh amhlaidh. Ní dhéanfar ach struchtúir atá i gcontúirt láithreach ó mheath suntasach a mheas le haghaidh maoinithe ón Roinn. Níl an ciste cabhrach ann ar mhaithe le gnáthchothabháil, athruithe ná feabhsúcháin.
Toisc an ciste seo a bheith teoranta (€475,000) ní mheasfaidh an Roinn níos mó ná 2 iarratas do gach comhairle contae ná cathrach (sé sin údarás áitiúil). Is faoi gach údarás áitiúil a bheidh sé tosaíocht a thabhairt d’iarratais. Déanfaidh an tOifigeach Caomhantais na hiarratais a mheas ar dtús de réir riachtanais.
Má tá sonraí breise uait, déan teagmháil le Eamonn Fleming, Oifigeach Caomhantais Gníomhach, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí , Contae Chiarraí nó ag eamon.fleming@kerrycoco.ie nó 066-7183793
Tá na cáipéisí seo leanas i bhformáid PDF agus tá gá le
Adobe Acrobat chun iad a léamh. (Osclaíonn na cáipéisí seo ar leathanach éagsúil.)
An Roinn Pleanála,
Áras an Chontae, Ráth Teas,
Trá Lí,
Co. Chiarraí.
T. 066/7183582
F. 066/7120328
Rphost: plan@kerrycoco.ie
Dein forbairtí neamhúdaraithe a thuairisciú go
enforcement@kerrycoco.ie